Skip to main content

NCSE - Ag Tacú le Páistí Sárchumasacha (Seisiún Pearsanta)

NCSE - Ag Tacú le Páistí Sárchumasacha (Seisiún Pearsanta)

Tá an seimineár seo dírithe ar mhúinteoirí iarbhunscoile agus ar mhúinteoirí san oideachas speisialta a bhíonn ag tacú le leanaí a dteastaíonn deiseanna saibhrithe agus sínte uathu a théann thar na deiseanna a chuirtear ar fáil don chuid is mó de na daltaí.

Course Description:

Breathnóidh an seimineár seo ar chur chuige cuimsitheach chun freastal ar riachtanais foghlama na ndaltaí sa ghrúpa seo agus chun freagairt do na dúshláin a thagann chun cinn go minic. 

Torthaí Foghlama 

Beidh na rannpháirtithe in ann: 

  • Tuiscint a fháil ar na téarmaí a úsáidtear go coitianta maidir le daltaí thar a bheith cumasach agus ar chuid den chúlra teoiriciúil. 
  • Tuiscint a fháil ar aithint scoláirí thar a bheith cumasacha. 
  • Machnamh a dhéanamh ar straitéisí uile-scoile i gcomhréir le polasaithe agus cleachtas a scoile féin. 
  • Bheith ar an eolas faoi réimse straitéisí cuimsitheacha sa seomra ranga a thacaíonn le forbairt daltaí thar a bheith cumasach agus a chothaíonn í. 

Ábhar agus Achoimre an tSeimineáir 

Déanfaidh an seimineár: 

  • Iniúchadh ar na téarmaí a úsáidtear go coitianta maidir le daltaí thar a bheith cumasach agus ar an gcúlra teoiriciúil. 
  • Athbhreithniú ar shárchumas agus ar dhúbhal-eisceachtúlacht, agus feasacht a ardú ar na riachtanais a bhaineann leo. 
  • Iniúchadh ar aithint dalta thar a bheith cumasach. 
  • Machnamh a dhéanamh ar straitéisí uile-scoile, lena n-áirítear samplaí de pholasaithe agus de dhea-chleachtas. 
  • Réimse straitéisí cuimsitheacha sa seomra ranga a chur i láthair a thacaíonn le forbairt daltaí thar a bheith cumasach agus a chothaíonn í. 

Measúnú 

Pléifear ról an Chontanaim Tacaíochta maidir le tacú le scoláirí a bhfuil cumais eisceachtúla acu sa seomra ranga. 

Teastas 

Tá Teastas Tinrimh CNOS ar fáil do rannpháirtithe a fhreastalaíonn ar gach seisiún den seimineár. 

Cead Freastail 

Ní mór do rannpháirtithe cead a fháil óna mBord Bainistíochta chun freastal ar an seimineár. 

De ghnáth, ní cheadófar ionadaí d’eispéireas foghlama gairmiúla lá iomlán ach amháin: 

  • do mhúinteoirí ranga agus ábhair; 
  • agus nuair a mheasann an príomhoide go bhfuil freastal riachtanach. 

Course Details

Start Date 18-05-2027 9:30 am - 3:30 pm
Individual Price Free
Location Donegal Education Support Centre, Glenview Business Park, Carnamuggagh Upper, Letterkenny

ESCI Webinars

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars