Skip to main content

Message from the Director

As Director of the County Donegal Education Support Centre, it gives me great pleasure to welcome you to our website. I hope as you browse through our website, you will gain a good understanding and insight into our Centre, where you will have the opportunity to view and register for any of the educational courses that we offer or scroll through the pages on projects, programmes, events and resources.

In the summer of 2025, Donegal Education Support Centre proudly relocated to its new premises in Letterkenny. The move has been a tremendous success, providing a welcoming and inspiring environment for both staff and the many hundreds of teachers who have already visited the Centre. The new Centre is a bright, modern, and spacious hub for professional learning, dedicated to empowering teachers, school leaders, and school communities across Donegal and beyond. Centrally located in the heart of the county, it provides an accessible, collaborative space where educators can confidently engage with curriculum development, digital transformation, inclusive practice, wellbeing initiatives, and leadership development. The Centre continues to play a vital role in supporting high-quality teaching, learning, and professional growth for the education community it serves.

Our website is very user-friendly and is linked to all our social media platforms. For all updates on webinars, courses and programmes, I encourage you to follow us on social media and subscribe on the website for our weekly newsletter. The primary aim of our Centre is to support individual teachers, schools and the wider educational community in Co. Donegal in all areas of professional development learning and our Centre is one of a national network of 21 full time Education Support Centres.

Our talented and professional Centre staff are very dedicated and give generosity of their time to ensure that the highest of standards are always maintained. I invite you to explore our website and please don’t hesitate to contact me or any of the Centre staff if there is anything we can do to help or support you or your school.

Kieran Mc Taggart

Director

Mar Stiúrthóir ar Ionad Tacaíochta Oideachais Chontae Dhún na nGall, tugann sé an-áthas dom fáilte a chur romhat chuig ár suíomh gréasáin. Tá súil agam agus tú ag brabhsáil trínár suíomh gréasáin, go bhfaighidh tú tuiscint agus léargas maith ar ár nIonad, áit a mbeidh deis agat féachaint ar aon cheann de na cúrsaí oideachais a chuirimid ar fáil nó a scrolláil tríd na leathanaigh ar thionscadail, ar chláir, ar imeachtaí agus ar acmhainní.

I samhradh na bliana 2025, d'athlonnaigh Ionad Tacaíochta Oideachais Dhún na nGall chuig a shuíomh nua i Leitir Ceanainn, rud a bhí ina chúis mhóir bhróid.  D'éirigh thar cionn leis an aistriú, rud a chuir timpeallacht fáilteach agus spreagúil ar fáil don fhoireann agus don iliomad céadta múinteoirí araon a thug cuairt ar an Ionad cheana féin. Is mol geal, nua-aimseartha, fairsing é an tIonad nua don fhoghlaim ghairmiúil, atá tiomanta do chumhacht a thabhairt do mhúinteoirí, do cheannairí scoile, agus do phobail scoile ar fud Dhún na nGall agus níos faide i gcéin. Agus é suite go lárnach i gcroílár an chontae, soláthraíonn sé spás inrochtana, comhoibritheach inar féidir le hoideachasóirí dul i ngleic go muiníneach le forbairt curaclaim, claochlú digiteach, cleachtas ionchuimsitheach, tionscnaimh folláine, agus forbairt ceannaireachta. Tá ról ríthábhachtach ag an Ionad i gcónaí maidir le tacú le teagasc, foghlaim agus fás gairmiúil ar ardchaighdeán don phobal oideachais ar a bhfreastalaíonn sé.

Tá ár suíomh gréasáin an-éasca le húsáid agus tá sé nasctha lenár n-ardáin meán sóisialta go léir. Chun gach nuashonrú a fháil ar sheimineáir ghréasáin, ar chúrsaí agus ar chláir, molaim duit muid a leanúint ar na meáin shóisialta agus liostáil ar an suíomh gréasáin dár nuachtlitir sheachtainiúil. Is é príomhaidhm ár nIonad tacú le múinteoirí aonair, le scoileanna agus leis an bpobal oideachais i gcoitinne i gCo. Dhún na nGall i ngach réimse d'fhoghlaim na forbartha gairmiúla. Tá ár nIonad ar cheann de líonra náisiúnta de 21 Ionad Tacaíochta Oideachais lánaimseartha.

Tá ár bhfoireann chumasach agus ghairmiúil san Ionad an-tiomanta agus tugann siad flaithiúlacht dá gcuid ama chun a chinntiú go gcloítear leis na caighdeáin is airde i gcónaí. Tugaim cuireadh duit iniúchadh a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin agus ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh liom féin nó le haon duine d'fhoireann an Ionaid má tá aon rud gur féidir linn a dhéanamh chun cabhrú leat nó chun tacú leat féin nó le do scoil.

Ciarán Mac an tSagairt

Stiúrthóir