Bronze Age Handling Box
Take a step back in time
The Bronze Age Handling Box Project arose an ambition at the National Museum of Ireland to enable young people to learn about the past through the study and handling of objects. It enables young people to work as historians and archaeologists and encourages them to engage with the past in a thought-provoking and fun way. Using an enquiry-based approach, it provides opportunities to develop literacy, language and problem solving skills and appeals to a range of learning styles and ability levels.
What is the Bronze Age Handling Box?
A Collection of Bronze Age Replica Objects and Raw Material.Listed below are high quality, hand-crafted replica objects and raw material found in the Bronze Age Handling Box. These were carefully selected to tell the story of Bronze Age Ireland:
- Flint scraper, nodules and flakes
- Replica Bronze Age axehead
- Replica Bronze Age spearhead
- Chunk of copper ore
- Piece of amber and an amber necklace
- Fragment of sheepskin
The Bronze Age Handling Box Resource BookThe Handling Box is accompanied by a Resource Book. This Resource Book provides a pedagogical framework for using the Handling Box Resource in the classroom and in the Museum. It includes the following:
- An overview of how the Bronze Age Handling Box Resource fits within the Irish Primary Curriculum and the Junior Cycle History syllabus.
- Guidelines for good practice in the use of objects as sources in historical enquiry.
- Approaches and strategies which can be adapted for use with a wide range of objects.
- Guidelines for each object which include planning resources, teaching and learning activities and support resources.
Téimis céim siar san am atá thart
D’eascair Tionscadal an Bhosca Láimhseála don Chré-umhaois as uaillmhian in Ard-Mhúsaem na hÉireann chun deis a thabhairt do dhaoine óga foghlaim faoin am atá thart trí staidéar agus láimhseáil a dhéanamh ar réada. Cuireann sé ar chumas daoine óga oibriú mar staraithe agus mar sheandálaithe agus spreagann sé iad chun dul i ngleic leis an am atá thart ar bhealach spreagúil, spraíúil agus a spreagann smaointeoireacht. Trí chur chuige fiosrúcháin-bhunaithe a úsáid, soláthraíonn sé deiseanna chun scileanna litearthachta, teanga agus réiteach fadhbanna a fhorbairt agus tarraingíonn sé aird ar raon stíleanna foghlama agus leibhéal cumais.
Cad é Bosca Láimhseála na Cré-umhaoise?
Bailiúchán de Mhacasamhla Réada agus Amhábhar ón gCré-umhaois.Tá liosta thíos de na macasamhla ardchaighdeáin, lámhdhéanta agus an t-amhábhar atá le fáil i mBosca Láimhseála na Cré-umhaoise. Roghnaíodh iad go cúramach chun scéal na hÉireann sa Chré-umhaois a insint:
- Scraper breochloiche, cnapáin agus calóga
- Macasamhail de cheann tua ón gCré-umhaois
- Macasamhail de cheann sleá ón gCré-umhaois
- Píosa méine copair
- Píosa ómra agus muince ómra
- Blúire de chraiceann caorach
Leabhar Acmhainní Bhosca Láimhseála na Cré-umhaoiseTá Leabhar Acmhainní ag gabháil leis an mBosca Láimhseála. Soláthraíonn an Leabhar Acmhainní seo creat oideolaíoch chun Acmhainn an Bhosca Láimhseála a úsáid sa seomra ranga agus sa Mhúsaem. Áirítear ann na nithe seo a leanas:
- Forléargas ar an gcaoi a n-oireann Acmhainn Bhosca Láimhseála na Cré-umhaoise do Churaclam na Bunscoile in Éirinn agus do shiollabas na Staire sa tSraith Shóisearach.
- Treoirlínte maidir le dea-chleachtas in úsáid réad mar fhoinsí i bhfiosrú stairiúil.
- Cur chuige agus straitéisí ar féidir iad a chur in oiriúint lena n-úsáid le raon leathan réad.
- Treoirlínte do gach réad, lena n-áirítear acmhainní pleanála, gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama agus acmhainní tacaíochta.





